lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

 

Stiúr: George Morrisson
Éire 1959
85 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Des Geraghty chun an scannán seo a chur i láthair na féile.

Comhfhiontar na máistrí atá sa saothar stairiúil seo: scannánaíocht cheannródaíoch George Morrison, scór ceoil nuálaíoch Sheáin Uí Riada agus taithí déanta scannán Ghael Linn. Tá insint anseo ar scéal corraitheach na hÉireann sna blianta idir 1896 agus 1918. Nuachtríleanna agus ábhar comhaimseartha a bhaineann le Seachtain na Cásca is mó atá le feiceáil sa scannán, radhairc de Bhaile Átha Cliath agus príomhphearsana na réabhlóide - Clarke, Connolly, de Valera agus an Piarsach féin – san áireamh.

Mise Éire - Funeral of Jeremiah O Donovan Rossa
Mise Éire - Michael Collins
Mise Éire - Éamon de Valera