lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

 

The Revolution will not be televised
Stiúr: Kim Bartley, Donnacha Ó Briain
Éire 2003
75 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Ba charachtar conspóideach ach carasmatach é Iar-Uachtarán Veiniséala, Hugo Chavez, an té atá faoi chaibidil sa scannán cumhachtach seo. Tá cur síos drámata ann ar na hiarrachtaí a rinneadh é a chur as cumhacht in Aibreán na bliana 2002. Anuas air sin tá cuntas finné súl ann ar an coup d’état féin agus ar an gcaoi ar tháinig Chavez chun cumhachta arís dhá lá i ndiaidh na heachtra. Tá píosaí scannán spéisiúla den té sin, a bhí ina laoch ag an eite chlé agus ina chrá croí do Rialtas Mheiriceá, fite fuaite sa saothar faisnéise spleodrach seo.