lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

 

Persepolis 1 thumb
Stiúr: Marjane Satrapi & Vincent Parronaud
An Fhrainc 2007
95 nóiméad
Teastas: 12A
 

 

Eibhlís Ní Dhúill chun an scannán seo a chur i láthair na féile.

Tá an scannán corrraitheach an-ghreannmhar seo bunaithe ar dhá imleabhar de dhírbheathaisnéis Marjane Satrapi faoi bheith ag fás aníos san Iaráin faoin réim an shah agus na ayatollah. Tá cónaí ar Satrapi i bPáras ó 1984 i leith agus nuair a tugadh deis di scannán a dhéanamh dá leabhar dhiúltaigh sí agus bheartaigh sí ar bheochan a dhéanamh le húrscéalaí grafach ón Fhrainc agus leis an mbeochantóir Vincent Paronnaud. Is scéal crua, tragóideach fiú, é Persepolis ar choimhthiú, ar ghéarleanúint agus ar dheoraíocht. Ach ní éiríonn an scannán maoithneach riamh agus ní ghéilleann sé don fhéintrua ná do rachta feirge. Ina ionad sin instear daonnacht an duine agus míréasún an tsaoil ar bhealach cliste géarchúiseach.

Le guthanna Chiara Mastroianni, Catherine Deneuve, Danielle Darrieux, agus Simon Abkarian.

Persepolis 3 thumb
Persepolis 4 thumb
Persepolis 5 thumb