lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

 

FÉACH... 1916... Gaillimh

Feach 1916 snap1 thumb
Éire
12 nóiméad
 

 

Labhróidh Cormac Ó Comhraí agus Yvonne Igoe faoi ábhar an taispeántais seo.

Craoladh East Galway Rising ar an 30 Márta, 1970. Clár de chuid na sraithe Féach a bhí ann agus ba é Proinsias Mac Aonghusa a chuir i láthair é. Cé is moite de Bhaile Átha Cliath, ba in oirthear na Gaillimhe ba mhó a tharla achrann agus caismirt le linn Sheachtain na Cásca 1916. Sa mbliain 1970 thug Eoghan Harris agus Breandán Ó hEithir cuairt ar Achréidh na Gaillimhe mar a labhair muintir na háite leo faoina gcuimhní ar eachtraí 1916.

Feach 1916 snap2 thumb
Feach 1916 snap3 thumb
Feach 1916 snap4 thumb

Bású : Liam Mellows

Bású : Liam Mellows
Éire
26 nóiméad
 

 

Bhí seachtó seacht príosúnach poblachtach curtha chun báis idir sin agus deireadh Chogadh na gCarad an bhliain dár gcionn - beart a d'fhág an blas ba mheasa ar fad mar oidhreacht ar chéad bhlianta crua na saoirse. Fágadh uacht sóisialach James Connolly fá chúram Liam Mellows. Níobh aon ceol é ionannas an duine i gcluasaibh na bunaíochta Breatanaigh tareis an Chogadh Mór agus ceangailt leis an mboilséiveacas á shaorú ag Mellows in Éirinn. Cuireadh chun báis é ag a tSaor Stáit agus aisling na poblachta sóisialaigh beo fós ann.

Bású : Liam Mellows

 


Diarmuid Lynch

Diarmuid Lynch 1
Éire
26 nóiméad
 

 

Bhí cinneadh mór le déanamh ag cruinniú tábhachtach a reáchtáladh san ardchathair ar Dhomhnach Cásca 1916. Bhí ceist an Éirí Amach idir dhá cheann na meá agus bhí an teannas le brath i measc na bhfear. Tá cáil fhorleathan ar cheathrar acu sin: Mac Piarais, Mac Donnchadha, Pluincéad agus Mac Diarmada ach is lú ar fad an aithne atá againn ar an gcúigiú fear, an Corcaíoch Diarmuid Lynch. Scéal an Loingsigh atá sa scannán seo, fear a tháinig slán ón Éirí Amach ach atá ligthe i ndearmad ag an stair.

Diarmuid Lynch 2
Diarmuid Lynch