lean muid
Féile Scannán na Réabhlóide 2016 - 27-29 Bealtaine
A Week-end of World Cinema in Conamara Buy Tickets
 

 

Eoin Mac Neill
Stiúr: Damian McCann
Éire 2016
50 nóiméad
Teastas: Club
 

 

Beidh an staraí Máire Harris ann le léargas a thabhairt ar ábhar an scannáin seo.

Ar oíche Éirí Amach na Cásca, rinne Eoin Mac Neill, Ceann Foirne Óglaigh na hÉireann, iarracht an tÉirí Amach a chur ar ceal le hordú cúlghairmeach. Chuaigh an cinneadh cinniúnach sin i bhfeidhm go mór airsean agus ar a oidhreacht. Sa scannán seo, breathnaítear ar scéal an Ultaigh seo, a raibh a shaol neamhghnách mar shiombail don chorraíl pholaitiúil in Éirinn ag tús an chéid seo caite.Déantar machnamh sa chlár ar ról lárnach Mhic Néill in Athbheochan na Gaeilge, ar a phost mar Cheann Foirne Óglaigh na hÉireann, ar thionchar Chogadh na gCarad ar a theaghlach agus ar a ról i gCoimisiún na Teorann. Anuas air sin, déantar iniúchadh ar an mbunús a bhí leis an iarracht a rinne sé an tÉirí Amach a chur ar ceal.

Eoin Mac Neill 2 thumb
Eoin Mac Neill thumb
Eoin Mac Neill thumb